Aisteoirí an Spidéil
Márta 2024: An Solas Dearg
Traidisiúin na haisteoireachta sa Spidéal
Tá traidisiún drámaíochta sa Spidéal a théann siar os cionn céad bliain. Bhíodh drámaí á léiriú mar chuid de chlár imeachtaí Choláiste Chonnacht ó bhunú an Choláiste agus ba mhinic muintir na háite páirteach sna léirithe sin.
Bhí rath ar leith ar an gCumann Drámaíochta sna seascaidí nuair a bhain roinnt léirithe — An Strainséara Dubh agus Oíche na Marbh go háirid — cáil náisiúnta amach. Is liosta le háireamh an líon aisteoirí a thosaigh leis an gCumann a bhíonn le feiceáil go rialta anois ar ardáin éagsúla is ar scáileán na teilifíse.
Léiríonn na hAisteoirí rogha ilghnéiteach ábhar, idir bundrámaí Gaeilge agus aistriúcháin ar shaothair ó chanóin dhrámaíocht an Bhéarla in Éirinn.